An tOileán lastall de Bhun na Spéire - LIAM M. O'HARA

 

Déanann an scéal siombalach seo cur síos ar naofacht agus

ar uathúlacht na beatha.

 

 

Ábhar: ginmhilleadh

 

 

Oktober 2019

44 Seiten, Irisch

ISBN: 978-3-945444-33-7

 

 

Ab 16 Jahren

 

 

6,95 €
In den Warenkorb
  • 0,08 kg
  • verfügbar
  • 1 - 3 Tage Lieferzeit1

Extract:

Tosaíonn an scéal seo blianta fada ó shin nuair a bhí mé i mo cheardaí óg agus mé ag caitheamh mo chuid blianta mar cheardaí i go leor tíortha éagsúla.

D'fhág mé mo réigiún dúchais, Germania, den chéad uair chunsiúl thart i dtíortha i bhfad i gcéin agus taithí a fháil.

I ndiaidh dom taisteal ar feadh cúpla mí shroich mé an cósta Gallach, uaidh sin a ndeirtí gur shín an fharraige mhór amach go dtí deireadh an domhain, mar a insíodh daoine dom sna laethanta sin.

Ní fhaca mé an oiread sin uisce riamh.

Is ar éigean a bhí mé ábalta an fonn taistil, a bhí ag dó ionam mar a raibh tine ann, a throid.

Dá mhéad ama a chaith mé sa bhaile beag cuain seo is ea is mó a raibh mé i dteagmháil leis na hiascairí a bhí ag saothrú a mbeatha gach uile lá beo san áit sin.

Bhí cuid acu ag caint faoi oileán glasmíorúilteach faoina ndéirtí go raibh a chósta ag soilsiú mar a mbeadh smaragaid ann i solas na gréine.

Dá mhéad a d'fhoghlaim mé faoin oileán mistiúilsin ar thug gach duine Éire air, is ea is mó mo mhian chun cuairt a thabhairt air agus é a fhiosrú.

I ndiaidh cúpla lá casadh sean-iascaire orm a d'inis dom go dtéadh sé thar an oileán seo anois is arís agus go seolfadh sé ina threo arís an mhaidin ina dhiaidh sin.